[go: up one dir, main page]

James Knox Polk

11ú huachtarán na Stát Aontaithe, ó 1845 go 1849

Bhí sé i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849. Ba é James Knox Polk (2 Samhain, 1795 – 15 Meitheamh, 1849) an 11ú uachtarán ar na Stáit Aontaithe, i bhfeidhmeannas ón 4 Márta 1845 go dtí an 4 Márta 1849 Roimhe sin bhí sé ar an 13ú Spéicéir de Theach na nIonadaithe (1835-1839) agus an naoú Gobharnóir Tennessee (1839–1841). Bhí sé ina dhalta coimirce d'Andrew Jackson, ina bhall den Pháirtí Daonlathach agus i bhfách le daonlathas jacksoniana. Tá cáil ar Polk go príomha mar gheall ar leathnú a dhéanamh ar chríoch na Stát Aontaithe tríd an gCogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach; le linn a uachtaránachta, tháinig méadú suntasach ar na Stáit Aontaithe nuair a cuireadh Poblacht Texas, Críoch Oregon, agus Géilleadh Meicsiceach i bhfeidhm, tar éis bua Mheiriceá sa Chogadh Mheicsiceo-Mheiriceánach.

Infotaula de personaJames Knox Polk

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James K. Polk Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith2 Samhain 1795
Pineville, North Carolina Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Meitheamh 1849
53 bliana d'aois
Nashville, Tennessee Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Calar)
Áit adhlacthaTennessee State Capitol (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
11 Uachtarán na Stát Aontaithe
4 Márta 1845 – 4 Márta 1849
← John TylerZachary Taylor →
10 Uachtarán tofa na Stát Aontaithe
Nollaig 1844 – 4 Márta 1845
← William Henry HarrisonZachary Taylor →
9 Gobharnóir Tennessee
14 Deireadh Fómhair 1839 – 15 Deireadh Fómhair 1841
← Newton CannonJames C. Jones →
Spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe
7 Nollaig 1835 – 4 Márta 1839
← John BellRobert M. T. Hunter →
Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Márta 1833 – 4 Márta 1839
← William FitzgeraldHarvey Magee Watterson →
Ionadaí na Stát Aontaithe
4 Márta 1825 – 4 Márta 1833
← John Alexander CockeBalie Peyton →
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteYoung Hickory Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnModhachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Carolina Thuaidh, Chapel Hill Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Airde173 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, feirmeoir, dlíodóir, státaire Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Laidin agus an Ghréigis
Teaghlach
CéileSarah Childress Polk (1824–1849), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
Páisteluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSamuel Polk  agus Jane Knox
Síniú

Find a Grave: 823 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis dó cleachtadh dlí rathúil a thógáil i dTennessee, toghadh Polk chuig a reachtas stáit sa bhliain 1823 agus ansin chuig Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe i 1825, agus thug sé tacaíocht láidir d'Andrew Jackson. Tar éis dó bheith i bhfeidhmeannas mar chathaoirleach ar an gCoiste um Bealaí agus Modhanna, rinneadh Spéicéir an Tí de in 1835, an t-aon duine amháin a chaith seal mar Spéicéir agus mar Uachtarán SAM.

D'fhág Polk Comhdháil na Stát Aontaithe agus é ag dul san iomaíocht sa toghchána le haghaidh gobharnóir Tennessee, a bhuaigh sé i 1839, ach a chaill se i 1841 agus 1843. Ní raibh aon choinne leis go mbuafadh sé i dtoghchán uachtaránachta 1844 mar ainmní an Pháirtí Dhaonlathaigh; d'iontráil sé coinbhinsiún a pháirtí mar ainmní féideartha don leasuachtarán ach tháinig sé chun cinn mar phríomh-iarrthóir ar an dticéad nuair nach bhféadfadh aon iarrthóir uachtaránachta an tromlach dhá thrian is gá a fháil. San olltoghchán, bhuaigh Polk ar Henry Clay de chuid Pháirtí na bhFuigeanna.

Tar éis idirbheartaíochta lán le baol cogaidh, tháinig sé ar shocrú leis an mBreatain Mhór mar gheall ar Chríoch Oregon, a raibh easaontas ann faoi, agus a raibh roinnte feadh an 49ú líne leithid. Bhain Polk an bua amach sa Chogadh Meicsiceach-Mheiriceánach, a raibh de thoradh air gur scoir Meicsiceo as Iardheisceart Mheiriceá ar fad. Fuair sé laghdú suntasach ar rátaí taraife le 'Walker tariff', sa bhliain 1846.

An bhliain chéanna, bhain sé amach a sprioc mhór eile, athbhunú córas an Státchiste Neamhspleách. Mar is dual dá fheachtas toghchánaíochta, d'fhán Polk téarma amháin i bhfeidhmeannas agus d;fhill se ar ais chuig Tennessee, áit a bhfuair sé bás trí mhí tar éis dó an Teach Bán a fhágáil.