George Harrison
Ba cheoltóir as Learpholl, Sasana é George Harrison MBE (25 Feabhra, 1943 – 29 Samhain, 2001). Bhain sé cáil amach mar ghiotáraí sa bhanna rac-cheoil The Beatles i rith na 1960idí, agus mar cheoltóir aonair tar éis 1970. Bhí suim an-mhór ag Harrison i gceol agus cultúr Indiacha, agus b'eisean a chuir na rudaí seo i láthair na Beatles, agus an cultúr go forleathan sa domhain thiar.
Sheinn Harrison príomhghiotár sa bhanna, ach b'iad John Lennon agus Paul McCartney na príomhchumadóirí. Bhí Harrison fíor-lag ar an ngiotár ar dtús agus ba mhinic a bhíodh ar McCartney é a stiúradh. D'fheabhsaigh sé thar na blianta agus thosaigh moltaí leanúnach McCartney ag cur fíor-chantal air. Ar dtús, bhí sé deacair a amhráin féin a úsáid leis an bhanna, ach i rith na mblianta thosaigh sé ag scríobh sár-amhráin, mar shampla Taxman ar a chas McCartney príomhghiotár, While My Guitar Gently Weeps ar a chas Eric Clapton príomhghiotár, Here Comes the Sun agus Something.
Taobh amuigh den cheol, bhunaigh Harrison Handmade Films i 1979, agus chuir sé amach na scannáin cáiliúla Monty Python’s The Life of Brian, Time Bandits, Withnail and I, agus Mona Lisa.
Ar an 30 Nollaig 1999 sáthadh George Harrison sa chliabhrach ina theach. Friar Park, in Oxfordshire.
Fuair Harrison bás i Los Angeles i 2001, tar éis fadhbanna le hailse scamhóige.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |