Frank Sherwood Rowland
ceimiceoir Meiriceánach
Ceimicí a rugadh i nDelaware, Ohio ab ea Frank Sherwood Rowland (28 Meitheamh 1927 - 10 Márta 2012). Lena chomhghleacaí Mario Molina chruthaigh sé i 1974 go n-imoibreodh solas ultraivialait san atmaisféar le clórafluaracharbóin chun adaimh clóirín a tháirgeadh. Feidhmíonn na hadaimh clóirín sa tslí chéanna leis na hocsaídí nítrigine chun an ciseal ózóin a mhilleadh. Roinn an bheirt Duais Nobel na Ceimice i 1995 le Paul Crutzen as an saothar seo.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frank Sherwood Rowland". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 568.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |