Eoin Shasana
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Bhí Eoin (24 Mí na Nollag 1166 – 19 Deireadh Fómhair 1216) ina rí ar Shasana ó 6 Aibreán 1199 go dtí lá a bháis. Tháinig sé i gcoróin a shean-dheartháir Risteard I Rí (aithnidiúil níos déanaí mar " Coeur de Leon"). Gnóthaigh Eoin na leasainmneacha "Sans Terre" ("Gan chríoch", nó "Lackland") ós rud nárbh é an mac ba shine agus dá bhrí sin ní bhfuair sé comharbas talún. Chaill sé talamh a bhí aige sa bhFrainc freisin, agus glaodh Claíomh-bog" (nó "Soft-sword" i mBéarla) air, toisc an líomhain go raibh sé neamhinniúlacht i gcúrsaí míleata. Ba rí Plantaigíneach nó Ainsivíneach é.
Mar phearsa stairiúil, ba dhuine aithnidiúil é, mar gur ghéill sé do na móruaisle talún agus shínigh sé an Magna Carta, doiciméad a d'fhág a teorainn flaithis laghduithe. Sonraítear síniú an 'Magna Carta' mar chéim chun tosaigh in éabhlóid daonlathais na linne seo.
Bhain sé cáil amach níos déanaí i meoin an phobail mar namhaid Robin Hood, sna finscéalta faoin bhfear úd. Tháinig a mhac, Anraí III, i gcomharbas air.
Muintir
cuir in eagarRugadh Eoin i bPálás Beaumont, Oxford, Sasana. B'é an cúigiú mac é agus an duine deireanach d'ochtar páistí a rugadh d'Anraí 11 Shasana, agus d'Eleanor na hAcatáine. Dearbhaíonn údair áirithe, toisc gur fhan Eoin i Woodstock, garr d'Oxford, in éineacht le hEleanor, i Mí Márta na bliana 1166, gur sa bhliain sin 1166 agus ní sa bhliain 1167 a rugadh Eoin.
B'é Eoin deartháir sóisearach leasghaolmhar, ar thaobh na máthar, Mharie na Champagne agus Alix na Fraince. B'iad na paistí seo páistí a mháthair agus í pósta don chéad uair le Louis VII na Fraince. Cuireadh an pósadh seo ar neamhní níos moille.
B'é deartháir óg Ghuillaume, Cunta Poitiers; Henri le Jeune (Gaeilge: Anraí óg); Matilda, Bandiúc na Sacsaine; Risteard I Leonchroí; Geoffroy II, Diúc na Briotáine; Leonora, Banríon na Caistíle agus Jeanne na Sicile.
Túa a shaoil
cuir in eagarCé gurb é Eoin 'mac an cheana' a athar, mar an duine is óige ní raibh sé ag súil le hoidhreacht, agus de dheasca sin fuair sé an leasainm "Gan-talamh" (nó sa Bnéarla "Lackland"), roimh dó theacht i gcoróin.
Bhí a shaol teaghlaigh corraiceach go leor, mar go raibh a mháthair agus a shean-deartháireacha, arís is arís bainteach le reibiliúin i gcoinne Anraí. Chuir Anraí Eleanor faoi ghlas sa bhliain 1173, nuair nach raibh Eoin ach ina pháiste beag.
Agus é ina pháiste, bhí Eoin geallta le Alys (fuaimnithe 'Alice' sa Bhéarla), iníon agus oidhre d'Humbert III na Saváí. Bhí tuismitheoirí Eoin ag dúil go leathnóidh an pósadh tionchar ríshliocht na hAngevin trasna na nAlp, mar gur ghealladh oidhreacht na Saváí, Phiemonte, Mhaurienne, agus na sealúchais eile a bhí ag an Cunta Humbert, d'Eoin.
Oideachas agus inniúlacht
cuir in eagarBhí dúil ag Anraí ar dtús báire go bhfaigheadh Eoin oideachas cuí le dul anonn chuig na hEaglaise, agus dá bharr sin ní bheadh comharbas talún nó eile de dhíth air. Sa bhliain 1171, áfach, chuaigh Anraí i mbun idirbheartaíocht chun cuir ar chumas a mhac a bheith pósta le hiníon an Chunta Humbert III na Saváí (té nach raibh mac aige féin go dtí sin agus mar sin bhí cliamhain uatha). Tar éis sin, ní raibh trácht a thoille faoi Eoin bheith ina ábhar sagairt. Bhí sár-oideachas faighte ag beirt tuismitheoirí Eoin- Bhí Aonraí ilteangach, agus d'fhreastail Eleanor ar léachtaí in institiúid a bhí le bheith ina Ollscoil, sé sin Ollscoil Pháras- sa bhreis ar sin, d'fhoghlaim siad an dlí agus rialtas, reiligiún, agus litríocht.
Bhí oideachas den scoth faighte ag Eoin. Tá fianaise ann go raibh De Sacramentis Christianae Fidei le Hugues de Saint-Victor, Magister Sententiarum le Pietro Lombardo, An Tráchtas le Origen, agus stair Shasana—a d’fhéadfadh a bheith Roman de Brut le Wace, bunaithe ar Historia Regum Britanniae le Geoffroy de Monmouth.
Feachtas Eoin Shasana chuig Éirinn, 1185-1186
cuir in eagarRisteard as láthair
cuir in eagarLe linn do Risteard bheith as láthair ar an Tríú Crosáid ó 1190 go 1194, rinne Eoin iarracht fáil réidh le William de Longchamp, Easpag Ely agus a ghiúisteoir ceaptha. Bhí gnaoi an phobail ar Eoin níos mó ná ar de Longchamp i Londain, agus i mí Dheireadh Fómhair 1191 d'oscail saoránaigh Londan geataí na cathrach dó nuair a bhí de Longchamp faoi ghaibhniú sa túr. Gheall Eoin go mbeadh saoránaigh na cathrach in ann iad fhéin a rialú mar chomún in éiric aitheantais a thabhairt do Eoin mar oidhre toimhdean Richard. Seo ceann de na heachtraí a thug ar dhaoine Eoin a mheabhrú mar bhithiúnach san fhinscéal Robin Hood.
Agus é ar a shlí abhaile ón Chrosáid, gabh Leopold V, Diúc na hOstaire Richard, agus chuir Anraí VI, an tImpire Naofa Rómhánach é i bpríosúin. Bhí ar Eleanor fuascailt mhór a íoc chun é a scaoileadh saor. Agus é ar ais i Sasana sa bhliain 1194, thug Richard maithiúnas d'Eoin agus d'ainmnigh sé é mar a oidhre.
Réimeas
cuir in eagarNuair a fuair Risteard bás, theip ar Eoin aitheantas iomlán a fháil mar rí. De réir daoine áirithe b'é a nia óg, Artúr I na Briotáine, mac le Geoffrey, deartháir déanach Eoin, an t-oidhre dlisteanach. Throid Artúr in aghaidh Eoin, le tacaíocht Rí Philip II na Fraince, chun an suíochán ríoga a bhuachaint. Bhí toradh marfach ar an choinbhleacht idir Artúr agus an Rí Eoin. de réir Chonradh le Goulet, thug Philip tosaíocht do John thar Artúr, agus shocraigh siad lena chéile faoi vasáilleach Eoin ar an Normainn agus na críocha Angevineacha. Bhí an síocháin eatarthu gearrshaolach áfach. Bhí barúin Phoitou chomh trína chéile mar gheall an cogadh gur sheol siad achainí ar lorg an cor a chur ina cheart ó Rí na Fraince. Bhí Rí na Fraince ina ardtiarna feodach i leith críoch áirithe ar an mór-roinn. D'eisigh Rí na Fraince toghairm ar Eoin teacht chun cúirte agus cúisimh áirithe a fhreagairt, ceann díobh gur fhuadaigh sé Isobel d'Angouleme agus gur phós sé í níos déanaí, cé go raibh sí réamhgheallta do Guy de Lusignan.
Dhiúltaigh Eoin an toghairm, agus, faoin dlí feodach, de réir gur theip sé freastail ar a thiarna, d'fhógair an Rí na Fraince éileamh críche ar fhearainn Eoin agus é ina Chunta Poitou. Mhaígh Rí na Fraince gur leis na críocha a bhí ag Eoin go dtí sin sa bhFrainc, ach amháin talamh Eoin i nGascogne in iardheisceart na Fraince.
D'ionsaigh na Francaigh an Normainn díreach ina dhiaidh sin; d'infheistigh an Rí Philip II Artúr I le na feoid go léir a bhí tráth ag Eoin (cé is moite de an Normainn) agus gheall sé a iníon Marie dó mar bhean chéile.
Nuair a bhí cogadh ar siúl ag Eoin sa bhliain 1203, d'ordaigh sé na longchlóis go léir (fiú na cinn a bhí intíre, mar Ghloucester) i Sasana long amháin ar a laghad a sholáthair dó. Bhí na longchlóis nua thógtha, mar Phortsmouth, freagrach as roinnt cinn a thógáil. D'ainmnigh sé Portsmouth ina bhaile nua chabhlaigh. (Bhí longchlóis tógtha ag na ríthe Angla-Shacsanach, mar Éadbhard an tAdmhálaí ar an chósta theas ag Sandwich, agus an ceann is tábhachtaí ag Hastings.)
Ag deireadh na bliana 1204, bhí 45 rámhlong ar fáil dó, agus ó sin ar aghaidh fuair sé ceithre cinn nua gach bliain. Chruthaigh sé Aimiréalacht, comhdhéanta de ceithre aimiréal. I rith Eoin Rí a bheith i réim tháinig feabhas mór ar dearadh long, méid breise seolta agus caisleáin tosaigh inbhainte san áireamh. Chruthaigh sé longa móra iompartha dá ngairtear 'buisses'. Faigheann Eoin an chreidiúint in amanna as an cabhlach ríoga nua-aimseartha (Béarla: Royal Navy) a bhunú. Tagann an méid atá ar eolas againn ó na 'Pipe Rolls', toisc nach raibh na h-éachtaí seo taifeadta ag na croiniceoirí agus lúth-staraithe.
Bhí súil ag Eoin trioblóid a sheachaint i Sasana agus sa Bhreatain Bheag agus é imithe thar sáile ag troid ar son a chuid tailte a fháil ar ais, le phósadh a iníon neamhdlisteanach, Joan, chuig Llywelyn ab Iorwerth nó Llywelyn Fawr (Gaeilge: Llywelyn Mór).
I rith na coimhlinte, rinne Artúr iarracht a mháthair mhór Aliénor d'Aquitaine a fhuadú, ag Mirebeau, ach buadh air agus ghabh fórsaí Eoin é. Cuireadh Artúr i bpríosúin ar dtús i bhFalaise agus ansin i Rouen. Níl na staraithe cinnte dearfa de cad a bhí i ndán d'Artúr.
De réir na hAnnála Margam, ar an 3ú Aibreán 1203:
'Tar éis Artúr a bheith a bheith gafa ag Eoin agus coimeádta beo i bpríosúin ar feadh tamaill i gcaisleán Rouen ... nuair a bhí (Eoin) ar meisce mharaigh sé Artúr lena lámh féin agus tar éis cloch trom a cheangal lena choirp chaith sé é isteach sa Séin'.
Mhaígh Hubert de Burgh, áfach, oifigeach i gceannas ar an dúnfort i Rouen, gur fhág sé Artúr ag an Cháisc 1203 faoi chúram gníomhairí an Rí a bhí curtha ann le haghaidh é a spochadh. Thug sé le fios go bhfuair Artúr bás mar gheall ar turraing. D'aistarraing de Burg a ráiteas níos déanaí agus mhaígh sé go raibh sé fós beo, ach ní fhaca éinne Artúr beo arís.
Cheap pobal na Briotáine agus níos déanaí pobal na Normainne go raibh sé dúnmharaithe agus d'éirigh siad amach i gcoinne an Ri Eoin.
I dteannta le Artúr a ghabháil, ghabh Eoin deirféar Artúr, a neacht Aliénor de Bretagne.
Aighneas le hArtúr I na Briotáine
cuir in eagargur féidir leis níos mó tionchair a imirt ar an Eaglais. Nuair nach raibh réiteach ar fáil ar an aighneas, thogh an Caibidil, faoi rún, ball da gcuid féin mar Ardeaspag. D'fhorchuir Eoin an dara toghchán orthu agus tháinig ainmní nua as.
Nuair a tháinig an bheirt díobh i láthair os comhair an Phápa sa Róimh, chuir an Pápa Innocentius III na toghcháin ar neamhní, agus toghadh Steven Langton, iarrthóir an Phápa, d'ainneoin ionadaithe an rí Eoin bheith ina choinne. Thug na barúin agus na hEaspaig i Sasana tacaíocht do Eoin agus dhiúltaigh an rí glacadh le Langton.
Sciorr Eoin an Caibidil i Mí Iúil 1207.agus ghearr an Pápa urghaire ar an Ríocht mar aisfhreagra. Ghabh Eoin tailte na hEaglaise toisc gur theip an Eaglais mar frithbheart seirbhís fheodach a sholáthair.
Beartaíocht le Bordeaux
cuir in eagarSa bhliain 1203, thug Eoin Rí díolúine fhioscach do saoránaigh agus ceannaithe Bhordeaux ón 'Grande Coutume' a íoc, an cháin is mó a bhí le n-íoc acu ar easpórtáil earraí. Ar malairt, gheall réigiúin Bhordeaux, Bayonne agus Dax tacaíocht d'Eoin in aghaidh Choróin na Fraince.
D'éirigh le ceannaithe Ghascon a gcuid fíonta a dhíol i Sasana, don chéad uair gan bac, nuair a d'osclaíodh na calafoirt eatarthu i gcóir shaorthrádáil. An bhliain dár gcionn, dheonaigh Eoin saorthrádáil do La Rochelle agus Phoiteau.
Aighneas leis an Phápa
cuir in eagarTar éis d'Ardaspag Chanterbury Hubert Walter bás a fháil sa bhliain 1205, d'éirigh argóint idir an Rí Eóin agus an Pápa Innocentius III. D'éiligh Caibidil Ardeaglais Chanterbury go raibh an dlínse amháin acu comharba i dteideal a toghadh in áit Hubert agus thogh siad Reginald, iarrthóir áitiúil. Bhí suim áfach, ag na hArdaspaigh ar fud Sasana agus ag an Rí sa rogha chomharba don oifig chumhachtach seo. B'é John de Gray rogha an Rí, fear dá chuid féin, ionas gur féidir leis níos mó tionchair a imirt ar an Eaglais. Nuair nach raibh réiteach ar fáil ar an aighneas, thogh an Caibidil, faoi rún, ball dá gcuid féin mar Ardeaspag. D'fhorchuir Eoin an dara toghchán orthu agus tháinig ainmní nua as. Nuair a tháinig an bheirt díobh i láthair os comhair an Phápa sa Róimh, chuir an Pápa Innocentius III na toghcháin ar neamhní, agus toghadh Steven Langton iarrthóir an Phápa, d'ainneoin ionadaithe an rí Eoin bheith ina choinne. Thí tacaíocht na mbarún agus a lán Easpag i Sasana ag Eoin agus dhiúltaigh Eoin glacadh le Langton. Sciorr Eoin an Caibidil i Mí Iúil 1207. agus ghearr an Pápa urghaire ar an Ríocht mar aisfhreagra. Ghabh Eoin tailte na hEaglaise toisc gur theip an Eaglais mar frithbheart seirbhís fheodach a sholáthair.
Feachtas Eoin Shasana chuig Éirinn, 1210
cuir in eagarAighneas leis na mBarúin
cuir in eagarI ndiaidh gur éirigh leis Éirí Amach na Breataine Bige a chur faoi chois sa bhliain 1211, agus deireadh a chur leis an aighneas leis an Phápa, dhírigh Eoin a chuid airde chuig a shealúchas thar sáile.
Chríochnaigh cogaí na hÉorpa leis an bhriseadh ag Cogadh Bhouvines (1214), agus bhí ar Eoin glacadh le síocháin neamhfhabhrach leis an Fhrainc.(Fuair Anraí V Ri Shasana an Normainn agus Acquitaine ar ais sa bhliain 1420).
Thiontaigh an briseadh ag Bouvines móramh na mbarún i gcoinne Eoin; bhí cuid acu ina aghaidh ón am a bhí Eoin coinnealbháite ag an Phápa. D'aontaigh na barúin le chéile agus d'éiligh siad lamháltais.
Bhuail Eoin Rí leo ag Runnymede, gar do Windsor ar an 15 Meitheamh 1215 le haghaidh an An Chairt Mhór (Magna Carta) a shéalú. De réir gur shínigh Eoin an Chairt faoi bhrú, áfach, thug an Pápa cead dó í a chuir ar neamhnaí ag deireadh na cogaíochta.[1]
Bás
cuir in eagarAgus é ag cúlaitheach, thóg Eoin Rí slí shábháilte timpeall talamh riascach an Wash mar go raibh fonn air an ceantar in Oirthear Anglia (East Anglia sa Bhéarla) a bhí i lámha reibiliúnach a sheachaint.
Thóg a trucail bhagáiste (agus seoda na Ríochta Aontaithe san áireamh) an bealach díreach trasna an cheantair, áfach, agus scuabadh a ghiuirléidí go léir amach leis an taoide. Bhuail an caillteanas seo Eoin go trom, agus chuir sé isteach ar a shláinte agus ar a shlánchiall.
Tholg sé dinnireacht agus ag bogadh ó áit go háit, d'fhan sé i gCaisleán Sleaford roimh bás a fháil ar an 18 Deire Fómhar 1216 i gCaisleán Newark, Nottinghamshire (a bhí i Lincolnshire san am sin, ach atá anois i Nottinghamshire).
Chuireadh é in Ardeaglais Worcester, Sasana. Tháinig a mhac, a bhí a naoi mbliana d'aois, i gcomharbacht ar agus déanadh Anraí III Shasana. Cé gur mhaígh Rí Louis na Fraince i gcónaí gur leis coróin Shasana, taobhaigh na barúin leis an Rí nua agus thug siad droim lámha do Louis Rí. Ghéill Louis an teideal úinéireachta agus Conradh Lambeth a shíniú aige sa bhliain 1217.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "The papal bull annulling Magna Carta". The British Library. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-08. Dáta rochtana: 2020-11-12.