Donnchadh Ó Corráin
Staraí Éireannach agus Ollamh Emeritus le Stair Meánaoise ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (CnOC) ba ea Donnchadh Ó Corráin (28ú Feabhra 1942 – 25ú Deireadh Fómhair 2017).[1][2] Bhain sé céim BA sa stair agus Gaeilge ag CnOC sa bhliain 1964.[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 28 Feabhra 1942 Graighin, Éire |
Bás | 25 Deireadh Fómhair 2017 75 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Stair agus léann na Meánaoise |
Gairm | staraí, meánaoisí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Coláiste na hOllscoile Corcaigh (1979–2007) Ollscoil Pennsylvania Ollscoil Cambridge Ollscoil Oxford |
Ball de | Acadamh Ríoga na hÉireann (1982–) |
Teangacha | Béarla |
D'fhoilsigh sé saothair ar na Cogaidh Lochlannacha, Éire roimh ré na Normannach agus bunús ainmneacha Gaeilge. I dteannta lena phost ag CnOC, bhí postanna aige i gColáiste na hOllscoile, BÁC, Ollscoil Cambridge, Ollscoil Pennsylvania, Ollscoil Oslo agus Ollscoil Oxford, áit a bhí sé ina Chomhalta Taighde Sinsearach Cuartaíochta de Balliol College.[4]
Ba é siúd a bhunaigh agus a stiúraigh na tionscadail ArCH, MultiText (nach maireann) agus CELT.[1] Toghadh é mar bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1982.[5] Go gairid roimh a bhás, foilsíodh a mhórshaothar Clavis Litterarum Hibernensium.[6]
Saothair
cuir in eagar- Donnchadh Ó Corráin, Ireland before the Normans. Vol. 2. Gill and Mac Millan, 1972.
- Mac Curtain, Margaret, agus –, Women in Irish society: The historical dimension. No. 11. Westport, Conn.: Greenwood Press, 1979.
- "The laws of the Irish" (1984). Peritia 3: 382–438. doi: .
- –, Ireland c. 800: aspects of society. A new history of Ireland - Imleabhar 1 (2005): 549–608.
- "The Vikings in Scotland and Ireland in the ninth century" (1998). Peritia 12: 296–339. doi: .
- —, The Irish Church, its Reform and the English Invasion. (2017)
- —, Clavis Litterarum Hibernensium (3 Vols), Brepols. (2017)
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- UCC
- Mórliosta saothar, CELT
- Ireland after Donnchadh..., History Ireland, Imleabhar 26
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Dr. Donnchadh Ó Corráin". University College Cork, Department of History. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-11. Dáta rochtana: 2010-03-20.
- ↑ Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CORRÁIN, Donnchadh (1942–2017) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-04.
- ↑ "Tributes to late historian Donnchadh Ó Corráin" (27ú Deireadh Fómhair 2017). Dáta rochtana: 5ú Samhain 2017.
- ↑ "Historian produced 'a bibliographic monument to his patriotism'". The Irish Times. Dáta rochtana: 2017-12-01.
- ↑ ARÉ, Past Members Donnachadh Ó Corráin et al.
- ↑ The Big Book: Clavis Litterarum Hibernensium, (3 Iml.), History Ireland, Imleabhar 27