Damien Rice
Is ceoltóir Éireannach é Damien Rice (rugadh 7 Nollaig, 1973) a saoladh i gContae Chill Dara. Bhí an t-albam aige O an-rathúil.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Nollaig 1973 50 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Sailéaiseach, Cill Droichid |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, léiritheoir ceirníní, giotáraí, pianódóir, ealaíontóir sráide, amhránaí, ealaíontóir taifeadta |
Tréimhse oibre | 1991 – |
Seánra | Ceol tíre agus rac-cheol tíre |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | damienrice.com |
|
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: litriú agus gramadach, stíl
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Beathaisnéis
cuir in eagarAr dtús bhí Rice ina amhránaí don bhanna rac-cheoil Juniper a chuir amach na singil "The World is Dead" (Tá an Domhain Marbh) agus "Weatherman". An lá roimh a thosaigh siad ag déanamh taifead don a gcéad albam le Polygram i 1999, shocraigh sé nach nglacfadh sé leis an treo thráchtála a chur an lipéad brú air a leannúint agus d'éirigh sé as an bhanna. Lean na baill eile Juniper ar aghaidh mar Bell X1.
Bhog sé go dtí an Iodáil faoin tuath, mhair sé go ciúin go dtí gur shocraigh sé filleadh ar an tionscal ceoil ar a théarmaí féin. Ag casadh chuig an giotár fuaimiúil agus amhráin an-phearsanta, chuaigh sé timpeall na hEorpa ag seinnt gan phingin rua go dtí go raibh sé in ann banna a mhealladh agus taispeántais caife i gceantar Átha Cliath a dhéanamh. Ag chur a nasc ádhúil le David Arnold, a dhara col cheathrar, i bhfeidhm, b'fhéidir le Rice O a thaifead. Bhí an-rath idirnáisiúnta aige leis na hamhráin "The Blower's Daughter" agus "Cannonball".
Is iad atá ina bhanna ná Lisa Hannigan (cúlamhránaí agus giotár rithimiúl), Vyvienne Long (dordveidhil), Tomo (drumaí) agus Shane Fitzsimons (dordghiotár). Seinneann Rice an giotár agus tá sé ina phríomhamhránaí.
Bhíodh siad ar thuras leis The Frames go minic, agus tháinig siad ar intinn an phoibill go ghiorracht i ndiaidh an amhránaí Paddy Casey. I 2003 agus 2004 sheinn sé ag Féile Glastonbury. Thug an chéad taispeántas aitheantas dó sa Ríocht Aontaithe.
I 2003 bhuaigh sé an Duais Shortlist Ceoil.
Bhí a amhráin "The Blower's Daughter" agus "Cold Water" páirteach sa scannán Mike Nichols 2004 Closer. Bhí a amhrán "Delicate" le cloisint ar na drámíochta teilifíse Lost agus House. Bhí a shingil "Cannonball" páirteach sa drámaíocht teilifíse The O.C. chomh maith.
Láithrigh sé ar an t-albam nua Tori Amos The Beekeeper, scaoileadh ar 22 Feabhra 2005 ar an amhrán "The Power of Orange Knickers".
Tá Rice gafa san fheachtas cearta daonna chun ceannaire an Burma Aung San Suu Kyi a shaoradh. Chaith Damien Lúnasa/Meán Fómhar 2005 ag taifead leanúint de O a bheidh dóchúil le fáil go luath i 2006. Thóg sé, freisin, an t-am chun seanamhrán Juniper a thaifead, "Cross-eyed Bear" don albam Warchild ("Paiste na gCogadh") nua.
Diosclann
cuir in eagarAlbaim
cuir in eagar- Feabhra 2002 - O
- Deireadh Fómhar 2002 - O (le DVD breise)
- Iúil 2003 - Live From The Union Chapel (EP) (Beo ó Séipeal an Aontas)
- Deireadh Fómhar 2003 - O le 2 amhráin breise
- Iúil 2004 - B-Sides (EP)
- Lúnasa 2005 - O (le amhrán nua - Unplayed Piano)
- Samhain 2006 - 9
Singles
cuir in eagar- Meán Fómhar 2001 - The Blower's Daughter
- Bealtaine 2002 - Cannonball
- Samhan 2002 - Volcano
- Márta 2003 - Woman Like A Man
- Aibreán 2004 - Lonelily (Ar vinil amháin)
- Meitheamh 2004 - Lonely Soldier (le Christy Moore)
- Meitheamh 2005 - Unplayed Piano
Taispeántais Teilifíse
cuir in eagar- David Letterman (13 Meitheamh 2003, 14 Aibreán 2004)
- Jay Leno (7 Deireadh Fómhar 2003, 3 Nollag 2004)
- Carson Daly (15 Meán Fómhar 2003)
- Conan O'Brien (22 Iúil 2003)
Comhoibithe
cuir in eagar- Meán Fómhair 2002 - Jerry Fish and the Mudbug Club - Be Yourself
- Samhan 2002 - Mic Christopher - Skylarkin'
- Meán Fómhar 2004 - The Frames - Burn The Maps
- Feabhra 2005 - Tori Amos - The Beekeeper
- Lúnasa 2005 - Herbie Hancock - Don't Explain