Clíodhna
I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhanríon na mbansidhe í Clíodhna (Sean-Ghaeilge Clídna) na dTuath Dé Danann. Bhí sí í réim i ndeisceart na Mumhan, nó Ríoga Dheasúin.[1]
Cineál | bandia bean sí |
---|---|
Dáta | |
Inscne | baineann |
I roinnt miotas, is bandia an ghrá agus na háilleachta í Clíodhna, agus éarlamh Chontae Chorcaí.[2] Deirtear go raibh trí éan gealdaite aici, a d'ith úill agus a leigheas na heasláin lena gcuid cantana binne.[2]
D'fhág sí oileán an tsaoil eile, Tír Tairngire, chun bheith lena leannán daonna, Ciabhán, ach thóg tonn i gCuan Dor í[2] agus í ina chodladh de bharr ceoil á sheinm ag cliaraí Mhanannáin mhic Lir; tugtar Tonn Chlíodhna ar an taoide ann.[3] Braitheann a cinniúint, cé acu ar bháigh nó nár bháigh sí, agus sonraí eile, ar leagan an scéil.
Bhí sí ina cónaí i gcroí carn cloch, cúig mhíle amach ó Mhala, áit a bhfuil aithne uirthi fós mar Charraig Clíodhna[4], agus a bhfuil sí fós beo ann sa bhéaloideas.[5]
Teaghlaigh gaolmhara
cuir in eagarTá gaol idir Clíodhna agus seanmhuintireacha na Mumhan, agus clanna Uí Dhonobháin agus Uí Choileáin as críocha Uí Fidgheinte ach go háirithe, ar feadh ré a dtionchair (circa 373 A.D. go 977 A.D.), agus níos déanaí clann Mhic Cárthaigh (a roghnaigh í mar a sidhe clainne), agus clanna Uí Chaoimh agus Mhic Ghearailt, (a raibh caidrimh ghrámhara aici leo[5]). Tá Clíodhna ann in ainm té de shliocht Uí Laoghaire sa mheánaois,[6] Conchúr Chlíodhna. Is sonraíoch é gur as Ros Ó gCairbre an chlann, fíor ghar do Chuan Dor, sular bhog siad ó thuaidh go Tiarna Mhúscraí. Ba shliocht de Chorca Laoighdhe iad na Laoghairí.
Luaitear Clíodhna mar tóraí a raibh doicheall roimpi sa dán le hEdward Walsh, O’Donovan’s Daughter.
In óid ag moladh Domhnail Uí Dhonobháin dá theacht i réim mar thaoiseach Clancahill, luaitear é mar "Dragan Chlíodhna".[7]
Coimhlint le hAoibheall
cuir in eagarDeirtear go raibh Clíodhna in iomaíocht le hAoibheall. I scéal amháin, chuir Clíodhna Aoibheall faoi dhraíocht, a chas í ina riocht cait bháin.[8]
Cloch na Blarnan
cuir in eagarIs é scéal Cloch na Blarnan an scéal is cáiliúla atá bainte le Clíodhna.[9] Bhí Cormac Láidir Mac Cárthaigh, tógálaí Chaisil na Blarnan,[10] in aghaidh cás dlí, agus d'iarr sé cuidiú ar Chlíodhna. Dúirt sí leis an chéad chloch a chonaic sé ar a bhealach a phógadh. Rinne sé amhlaidh, agus dá bharr, d'áitigh sé a chás go solabhartha, agus bhuaigh sé. Deirtear go tugann Cloch na Blarnan "an cumas dallamullóg a chur gan sárú". Thug sé an chloch le chéilei n-uchtbhalla an chaisleáin.[11]
Leis an bhfírinne a rá, níl Clíodhna freagracht i ngach plámás na gCárthach. Thug Eilís faoi ndeara le teann frustrachais nárbh fhéidir léi idirbheartaíocht a dhéanamh le Cormac Mac Cárthaigh, toisc go raibh gach a dúirt sé Blarney, ... what he says he does not mean.[12]
Seán Ó Donnabháin
cuir in eagarIna cáilíocht mar bhansidhe, luaitear Clíodhna ag an ársaitheoir Éireannach Seán Ó Donnabháin.[13] Ag scríobh i 1849 chuig cara, deir an Donnabhán:
“ | When my grandfather died in Leinster in 1798, Cleena came all the way from Ton Cleena to lament him; but she has not been heard ever since lamenting any of our race, though I believe she still weeps in the mountains of Droim Dhá Liag in her own country, where so many of the race of Eoghan Mór are dying of starvation. | ” |
Mícheál Ó Coileáin
cuir in eagarBhí eolas chomh maith ag an gceannaire mór Éireannach Mícheál Ó Coileáin ar Chlíodhna. Insíodh scéalta fúithi ar scoil aige i Ros Ó gCairbre, agus chuaigh siad ar cuairt Dé Domhnaigh go carraig Chlíodhna. De réir a charad, Piaras Béaslaí:[14]
“ | Michael heard many a wonderful tale of Clíodhna's enchantments, of wrecks and perils, and drownings and treasure troves. | ” |
Is fiú a thógáil faoi ndeara gur shliocht de chlann Uí Choileáin Uí Chonaill Gabhra é Mícheál.[15] Ba iad na Conaill agus na Donnobháin dís treibhe i measc na Fidghente.
Bunúis
cuir in eagarMoladh go bhfuil Clíodhna gaolta le bandia na nGallach, Clutonda[16]
Tuilleadh le léamh
cuir in eagar- Franklin, D., Cliodhna, the Queen of the Fairies in South Munster, i Journal of the Cork Historical and Archaeological Society, Volume III, Dara Sraith Second Series. 1897, ll. 81 ff
- Joyce, R.D., Earl Gerald and His Bride, in Ballads of Irish Chivalry. Boston. 1872, ll. 28–36.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Wood-Martin, William Gregory, Pagan Ireland: An Archaeological Sketch: A Handbook of Irish Pre-Christian Antiquities. Londain: Longmans, Green, and Co. 1895, ll. 132–3
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 31. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
- ↑ Gregory, Augusta (1905). "Gods and Fighting Men: The Story of the Tuatha de Danaan and of the Fianna of Ireland". J. Murray.
- ↑ Carraig Chlíona Bheag agus Mhór ar logainm.ie
- ↑ 5.0 5.1 Monaghan, Patricia (2004). "The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore". Facts on File.
- ↑ Irish Pedigrees: O'Leary
- ↑ Annals of the Kingdom of Ireland by the Four Masters, Volume 5, lch. 1548
- ↑ Matson, Gienna: Celtic Mythology A to Z, lch. 2. Chelsea House, 2004. ISBN 978-1-60413-413-1
- ↑ James MacKillop, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford, ll. 43–44, 91
- ↑ Irish Pedigrees: MacCarthy, Lords of Muskry #119
- ↑ Richard Marsh, Elan Penn, Frank McCourt, The Legends & Lands of Ireland. Penn Publishing, ll. 107–110
- ↑ Francis, Charles (2009). "Wisdom Well Said: Anecdotes, Fables, Legends, Myths, Humor, and Wise Sayings that Capture the Human Condition". Levine Mesa Press.
- ↑ Yeats, William Butler (2008). "The Collected Works of W.B. Yeats Vol. VI: Prefaces and Introductions". Simon and Schuster.
- ↑ Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 11. Palgrave Macmillan.
- ↑ Coogan, Tim Pat (2002). "Michael Collins: The Man Who Made Ireland": 5–6. Palgrave Macmillan.
- ↑ Crowe, J. O'Beirne (January 1869). "Religious Beliefs of the Pagan Irish". Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland: 319.