Cenél nEógain
Géag de chuid Uí Néill an Tuaiscirt ba ea Cenél nEógain. Eógan mac Níall Noígíallach ba ea a shinsear, mar a maíodh. Ar dtús, bhíodh siad lonnaithe in Inis Eoghain, agus a phríomhchathair ag Aileach i gContae Dhún na nGall an lae inniu. Faoi bhrú a ngaol, Cenél Conaill, bhogadar de réir a chéile soir i gcontaetha Thír Eoghain agus Contae Dhoire isteach, ag brú na gCruithne soir thar an mBanna, agus ag briseadh isteach ar na hOirialla taobh thiar de Loch nEathach.
Faoin 11ú haois, bhí a n-ionad cumhachta bogtha as Aileach go dtí Tulaigh Óg lasmuigh den Chorr Chríochach, Contae Thír Eoghain. Faoin 12ú haois, bhí Inis Eoghain cloíte ag Cenél Chonaill. Ba chuma le Cenél nEógain, ámh, óir go raibh ríocht chumhachtach bunaithe acu darbh ainm Tír Eoghain, ag a mhéad is mó ann Chuntar Thír Eoghain, chomh maith le codanna de chontaetha Dhoire, Dhún na nGall, Fhear Manach, Mhuineachán agus Ard Mhacha.
Seo a leanas liosta de phríomhchlanna Cenél nEógain:
██ clann Ghaelach
██ clann Albach
Clann Néill
cuir in eagarTá an sloinne Ó Néill fréamhaithe ó Niall Glúndub, ach tá Clann Néill ainmnithe as a sheanathair Niall Caille. Ba iad muintir Uí Néill agus Mhic Lachlainn, de shliocht an ghéaga seo, ina bpríomhchlanna Cenél nEógain. Chloígh Uí Néill Mhic Lachlainn ámh sa bhliain 1241 ach tháinig Uí Néill ina n-aonar chun cinn sa Cineál.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Néill (Ruadh) | Ruadh Ó Néill | Tír Eoghain | Deartháir Aodh Dubh Ó Néill, rí Uladh, ba ea Niall Ruadh, rí Thír Eoghain | |
Mac Lochlainn | Loch-lann/tír (iarthar na hIorua) | Inis Eoghain | Príomhchlann Thír Chonaill, roinnt acu ó thús Uí Máel Sechnaill, de shliocht Máel Sechnaill II | |
Mac Barúin | Sir Art MacBarron O'Neill | Barún | Contaetha Ard Mhacha agus Lú | Clann thábhacht Uí Néill |
Mac Shuibhne | Suibhne O'Neill | Lách, dea-mhéineach | Fánaid, Banagh | Taoiseach Albach as ba ea Suibhne Uí Néill ó Argyll. Meascán de Ghaeil Dhál Riada agus Lochlannaigh a tháinig go hUlaid mar ghallóglaigh. |
Mac Seáin | Oirthuaisceart Thír Eoghain, níos deireanaí Dún na nGall agus Lú | Taoisigh oidhreachta Mhaigh Íotha. Bhí an chlann bheag Uí Amhsaigh as oirthuaisceart Doire ina chomhghuaillí Mhic Sheáin. | ||
Ó Doibhilin | Domailén | Munterdevlin, bruach thiar Loch nEathach | Claíomhaire oidhreachta Uí Néill ba ea taoiseach Munterdevlin | |
Mac Néill | Contaetha Aontroma agus Dhoire | Originate from the Scottish Clan MacNeil, who claim to descend from a Niall, 21st in descent from Niall of the Nine Hostages, founder of the Uí Néill dynasty. They came to Ireland as gallowglasses, and later as pirates | ||
Mac Conmidhe (I) | Cú-na-Mí | Contaetha Thír Eoghain agus Dhoire | Filí agus ollaimh oidhreachta Uí Néill | |
Mac Conmidhe (II) | Contaetha Thír Eoghain agus Doire | Deirtear nach bhfuil nasc ar bith idir na clanna Mhicc Conmidhe úd | ||
Mac Giolla Easpaig | Aeilabhra i mbarúntacht Uíbh Eachach, Contae an Dúin Down | D'éirigh géag amháin ina erenaghs Chill Riáin agus Chill Charthaigh, i mbarúntachtaí Baollaigh agus Báinigh, Contae Dhún na nGall | ||
Mac Íomhair | Saighdeoir, as an Ioruais 'Ivarr' | |||
Mac Laomuinn | Dlíodóir; fréamhaithe ón Ioruais Lōgmaor | Ladhmann mac Giolla Colum | Tír Eoghain | Some were also called MacErchar after Ladhman's grandfather Fearchar. The Mac Laomuinn ancestry allegedly traces them to Flaithbertach Ua Néill. The Lamonts adopted several "colour" names after they had been "broken" and forbidden to use their own name, including Brown and Black. |
Mac Eoghain | Bhí go leor acu ó dhúchas Ó Ceothain nó Ó hEoghain, seachas Mac Eoghain |
Clann Aodha Bhuí
cuir in eagarGéag de Clann Néill í Clann Aodha Bhuí, agus Aodh Méith Ó Néill, rí Thír Eoghain ón mbliain 1196 go dtí 1230, a sinsear. Niall Rua ba ea dheartháir Aodha Mhéithe, rí Thír Eoghain agus rí Uladh le mí amháin tar éis bhás a dhearthár.
Ainmníodh an chlann as Aodh Buí Ó Néill (1260–83), garmhac Aodha Mhéithe, agus an rí deireanach ar a glaodh rí Ailigh air. Aodh Buí was most notable for his close co-operation le hIarlacht na nUladh. Níos deireanaí, tháinig Clann Aodha Bhuí chun cinn in oirthear na nUladh, tar éis titim na hIarlachta de bharr ionradh Éadbhard Brús. Bhí Henry Ó Néill den teaghlach seo ina rí Uladh ón mbliain 1325 go dtí 1344, agus Art Ó Néill ó 1509 go 1514.[1]
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí | |
---|---|---|---|---|---|
Ó Néill | Aodh Buí Ó Néill, Niall Glúndubh | ||||
Ó Gnímh | Filí Chlann Aodha Bhuí. Meastar gur lonnaigh an chlann in Albain sa chúigiú haois, agus gur tháinig suas ar ais i dteannta leis na gallóglaigh MacDonald. |
Clann Domhnaill
cuir in eagarDún na nGall ba ea áit dúchais Chlann Domhnaill, ach bhogadar níos deireanaí soir i dTír Eoghain isteach. Meastar gurbh é a sinsear é Domnall mac Áed Findliath and Gormlaith Rapach ní Muireadhach mhic Eochadha, rí Uladh.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Donnghaile | Donnghaile Ó Néill | Donn-laochas | Droim Lighean, Dún na nGall, níos deireanaí Baile-Ua-nDonnghail, Tír Eoghain | Marshall airm Uí Néill ba ea a dtaoiseach oidhreachta |
Ó Flaithbheartaigh | Flaithbheartach mac Murchadha | Aileach, níos deireanaí Ard Sratha, Tír Eoghain | Formerly Lords of Aileach and later rotated the Kingship of Tyrone with the O'Neills and MacLaughlins |
Clann Bhirn
cuir in eagarDe shliocht í Clann Bhirn de Bhearn mac Ruaidhrí mhic Mhurchadha mhic Mhaoil Dúin mhic Aodha Alláin. Bhí an chlann lonnaithe i Muintir Bhirn (Dún Geanainn Íochtarach) agus ' Teallach Ainbhith (An Srath Bán Íochtarach).
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Mac Ruaidhrí | Rua-rí | Teallach Ainbhith agus Muintir Bhirn; agus Baile na Scríne, Doire | ||
Mac Murchadha | Muir-cath/gascíoch | Muintir Bhirn | Taoisigh Shiol Aodha. Chuir Uí Néill an ruaig orthu agus lonnaigh siad sna hardchríocha i ndeisceart Ard Mhacha faoi Uí Néill na Feadha | |
Ó Firghil | Fear-gal/laochas | Dún na nGall, agus níos lú Tír Eoghain agus Doire | Abbaí oidhreachta Cill Mhic Réanáin, Dún na nGall. |
Cineál Fhearghasa
cuir in eagarFearghas mac Eoghain mhic Néill Naoighiallaigh ba ea sinsear Cenél Feargusa. Tugtar an t-ainm Cenél Coelbad orthu uaireanta, trína mac, Chaolbhadh. Bhí cónaí orthu i nInis Eoghain, ach chuaigh siad i ndiaidh Cenél mBinnigh chuig Tulach Óg, áit a d'éirigh siad ina dtiarnaí Thír Eoghain.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó hÁgáin | Ógán mac Caolbhaidh | Óg | Inis Eoghain ó dhúchas, ansin Tulach Óg | Litrithe Ó hÓgáin ar dtús. Ceart oidhreachta insealbhóra Uí Néill mar rí Uladh, chomh maith le breithimh oidhreachta Uí Néill |
Ó Coinne | Coínne mac Coelbad | Comhairle | Inis Eoghain ó dhúchas, anseo Tír Eoghain | Máistrí ceathrún Uí Néill |
Ó Maelfabhail | Mael Fabaill mac Coelbad | Carrickbraghy in iardheisceart Inis Eoghain, níos deireanaí Doire agus Tír Eoghain | Clann dheireanach Cineál Eoghain ina n-air dhúchais i nInis Eoghain, clóite ag Uí Dhochartaigh | |
Ó Mealláin | Aodh mac Fearghasa (Aedh mac Fergusa) | Meallacach, | Meallanacht, Sliabh gCallann | Chomh-ghlacadóirí Chloigín Naomh Pádraig |
Ó Bruadair | Bruadar, taibhreamh | Dún na nGall | ||
Ó Cearnaigh | Cearnach, buach, cathréimeach | Erenagh Chill Leacht Aodha | ||
Ó Robhartaigh | Rabharta | Dún na nGall | Clann eaglasta a bhí ina chomh abbaí Naomh Colm Cille ar Thoraigh | |
Ó Doirighe (Ó Daire) | Doire | Ráth Bhoth | Erenagh Ráth Bhoth |
Cineál Bhinnigh
cuir in eagarEochaidh Binneach mac Eoghain ba ea sinsear Cenél mBinnigh. An chéad chlann Cenél nEógain ba ea iad a ndeachaigh as Inis Eoghain, ag dul thar fhrithbheartaíocht na gCiannacht (tuaisceart Dhoire) agus in iarthar Oiriall isteach, ag cur á dhéanamh an ruaig ar roinnt clanna na nOiriall (Uí Thoirtre agus Fir Lí) go dtí taobh oirthear na Banna.
Tá na cineáil a leanas síolraithe ó Chineál Bhinnigh:
- Cenél mBinnig Glinne, in Glenconkeine, Loch Inse Uí Fhloinn
- Cenél mBindigh Locha Droichid soir ó Mhaigh Íotha i dTír Eoghain
- Cenél mBindigh Tuaithe Rois soir ón Feabhal
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó hÁghmaill | Eocha Binneach m. Eoghain m. Néill Naoighiallaigh | Ádhmall, ullamh, tapa, gníomhach[2] | Deisceart Thír Eoghain agus Ard Mhacha[3][4] | Throid Giolla Criost Ó hAdhmaill[5] le rí deireanach na nUladh, Ruaidhrí Mac Duinnshléibhe, in éadan John de Courcy sa bhliain 1177. Sa 14ú haois, bhí Ruarcán Ó hÁdhmaill, ina phríomh-f fhile Uí Anluain.[6][7] |
Cineál Mhaoin
cuir in eagarMaon mac Murchadha mhic Eoghain ba ea sinsear Cenél Maín. Sa 14ú haois, cuireadh an ruaig ar an gclann seo trasna an Fheabhail ag muintir Uí Dhomhnaill go dtí an Srath Bán.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Goirmleadhaigh | Gairm-valourous | Ráth Bhoth, níos deireanaí oirthear an tSratha Bháin | Taoisigh oidhreachta Chineál Mhaoin | |
Ó Peatáin | Pádraig-ín | Bealach Féich | ||
Ó Lúinigh/O Lainidh | Lann, ga, claíomh | Ráth Bhoth, ansin ann Srath Bán, níos deireanaí Inis Mór, Fear Manach | Lianna agus staraí oidhreachta. Ard Uí Luinín ar Inis Mór | |
Mac an Fhailí | ||||
Mac Duinechaidh | Donn-cath/curadh | Tír Eoghain agus Doire | ||
Ó Croidheáin | Croí | Dún na nGall | ||
Ó Tighearnaigh | Tiarna | Dún na nGall | ||
Ó Ceallaigh | Dún na nGall | |||
Ó Cearnacháin | Buach-ín | Dún na nGall | ||
Mac Gairbhith | Garbh | Dún na nGall | ||
Mac Giolla Uidhir | Naomh Odhar | Ráth Bhoth, oirthear an tSratha Bháin, agus fós An Ómaigh |
Cineál Fhearadhaigh
cuir in eagarFearadhach mac Muireadhaigh ó Eoghain ba ea sinsear Cenél Feradaig, agus faoin 12ú haois, bhí cuid mhór de Thír Eoghain faoina smacht, agus bhí a dtionchar go domhain i bhFear Manach isteach. Faoi lár na 14ú haoise, bhí a gcuid cumhachta i bhFear Manach briste ag clann Mhic Uidhir.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Mhic Cathmhaoil | Cath-maol/taoiseach | Clochar, Tír Eoghain | Príomhchlann Cineál Fhearadhaigh, ar cheann de sheacht chlann ag tacú Uí Néill. Donnchadh Mac Cathmaíl an chéad duine a bhfuil tagairt air, a fuair bás sa bhliain 1180. | |
Mac Giolla Mhártain | Martin | Clochar, Tír Eoghain | ||
Ó Brolcháin | Brollach[8] | Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain | This was a prolific and adventurous sept, where a branch of the family, the O'Brologhans, became established in the Western Highlands of Scotland via their connections with the monastery on Iona thanks to the prior of Derry, Domhnall Ua Brolcháin, who was its abbot. The Co. Cork Bradleys descend from this sept, and some Brollaghans in Co. Cavan assumed the Norman name Brabazon. | |
Ó Fearadhaigh | Fear-fiodh/adhmad > Fer-fedach (fear-feadha/feá) | Dún na nGall | ||
Mac Mártain | Tír Eoghain | Ní hionann an géag seo agus Mhic Giolla Mhártain | ||
Mac Fhiachra | Fiachra | Tír Eoghain | ||
Maolgeimridh | Maol Naomh Eimridth nó Geimridh[9] | Oirthear Thír Eoghain | Dar le O'Hart Pedigrees, bhí dhá cheantar i seilbh acu in oirthear Fhear Manach | |
Maolpadraig | Oirthear Thír Eoghain | |||
Mag Uidhrín | Uidhrín Ó Maoil-Muire | Odhar/donn | Clochar, Tír Eoghain | Seansloinne Ultach. Go luath sa 12ú haois, bhí Uidhrín Ó Maoil-Muire (bás 1082), Eachmarcach mac Uidhrín (bás 1120) agus Giolla-Chríost Ó hUidhrín (bás 1129), ina dtaoiseach Chineál Fhearadhaigh. Sa 16ú haois, ní bhfuarthas an t-ainm ach i gContae an Dúin. |
Cineál Tiarnaigh
cuir in eagarTiarnach mac Muireadhaigh ó Eoghain ba ea sinsear Chineál Tiarnaigh (Cenél Tigernaig), go go ndeirtear i Leabhar Bhaile an Mhóta gur mac Eoghain é.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Maoilfothartaigh | Tír Eoghain | |||
Ó hEodhusa | Tír Eoghain | |||
Ó Connagain | Iarthar Dhoire, oirthear Dhún na nGall, Tír Eoghain. |
Cineál Mhic Earca
cuir in eagarMuircheadhach ó Eógain, aitheanta fosta mar Mhuircheadhach Mac Earca as a mháthair, ba ea sinsear Cenél Mac Earca. Nuair a mharaigh fir Cenél Feradaig Máel Fithrich mac Áeda Uaridnaigh, b'éigean dóibh lonnú i gClochar, Tír Eoghain.
Clann Conchúir Magh Ithe
cuir in eagarAs Maigh Íotha a tháinig Clann Chonchúir Mhaigh Ithe, ó dhúchas sular bhog siad chuig Doire, agus iad i ceannas Tuath Uí Chatháin ann. Síolraithe a bhí siad ó Chonchúir mac Fergaile, é féin de shliocht Mhuircheartaigh Mhic Earca, bunaitheoir Cineál Mhic Earca.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Cathaín | Tuath Uí Chatháin, barúntacht Cianacht | |||
Ó Dubhthaigh | Naomh Dubhttach | Dubh-té | Ráth Bhoth | Erenagh of Templecrone in the diocese of Raphoe for 800 years, being kinsmen of the patron of the church, St Dubhthach |
Ó Maoláin | Maol, tonsured | Cianacht, Contae Dhoire | ||
Mac Bloscaidh | Bloscaidh Ó Catháin |
Clann Diarmada
cuir in eagarTá Clann Dhiarmada síolraithe ó Chlann Chonchúir Mhaigh Íotha. Deirtear go bhfuil Clann Diarmada i gContae Dhoire ainmnithe aisti.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Cairealláin | Erenagh Chluain Lao, barúntacht Ráth Bhoth. Clann Diarmada, tuath Uí Chatháin | |||
Mac Eiteagáin | Crón | Clann Diarmada |
Uí Chatháin an Rúta
cuir in eagarGéag de chlann Uí Chatháin a lonnaigh in oirthuaisceart Doire agus iarthuaisceart Aontroma ba ea Uí Chatháin "an Rúta". Bhíodh siad in iomaíocht le Mhic Quillan, a bhí i seilbh ann rompu. Briseadh cumhacht Mhic Quillan agus laghdaíodh Uí Chatháin, agus tháinig clann Mhic Dhomhnaill chun cinn dá bharr.
Tá an dá chlann Albacha, Both Chanain agus Mac Ausaláin, síolraithe ó Ausalan Buoy O'Kayn, de shliocht Uí Chatháin an Rúta a deirtear.
Cineál Aonghasa
cuir in eagarNíl ach tagairt amháin sna annála ar Cenél Áengusa a bheith mar bhall de Cenél nEógain, agus tagairt eile i Leabhar Mór Leacáin.
Sloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Mac Cana nó Mac Annadh | Coileán mhac tíre | Aileach, ansin Cluain Bhreasail, Ard Mhacha |
Clanna eile
cuir in eagarSloinne | Sinsear | Sanasaíocht | Críocha | Nótaí |
---|---|---|---|---|
Ó Branagáin | Bran | Raven | Oriel | Made their way into counties Armagh, Monaghan, and Louth in the sixteenth and seventeenth centuries. |
Ó Branáin | Bran | Raven | Counties Monaghan and Fermanagh | Thought to be a contraction of Ó Branagáin. Unrelated to the Ó Braonáin and Mac Branáin septs outside of Ulster. |
Ó Corragáin | Coirdhecán | Dromore, Tyrone then migrated early to Fermanagh becoming erenaghs of Magheraveely | Said to be of the same stock as the Maguires, however are thought to descend from the Cenél nEóghain |
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Robert Bell (1988) . "The Book of Ulster Surnames", The Black Staff Press
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- Annals of the Kingdom of Ireland, lch. 186, via archive.org
- Annals of the Kingdom of Ireland, lch. 581, via archive.org
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Peter Berresford Ellis, Erin's Blood Royal, Londain (1999), ll. 230-1
- ↑ Library of Ireland, Ó hÁdhmaill
- ↑ Hamill households in mid-19th century Ireland
- ↑ "Ulster Ancestry Hamill". Dáta rochtana: 2018-03-03.
- ↑ Mac Carthaigh's Book, MCB1178.1
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1376.8
- ↑ Annála Loch Cé, ALC 1376.4
- ↑ Bradley
- ↑ The Irish in the American revolution Curtha i gcartlann 2021-10-16 ar an Wayback Machine, lch. 46