[go: up one dir, main page]

Is mamach mór crúbach sa ghéineas Camelus é camall (ón Laidin camelus agus Gréigis kamēlos, as Eabhrais nó Féinícis: גָמָל gāmāl[1]) a bhfuil muineál fada agus dronn nó dhá dhronn air. Úsáidtear camaill san fhásach mar ainmhithe iompair nó marcaíochta. Ceansaíodh an camall fadó, agus mar bheostoc, soláthraíonn siad bia (bainne agus feoil) agus teicstílí (snáithín agus éadach óna fhionnadh). Is ainmhithe oibre iad camaill atá sainoiriúnaithe dá ngnáthóg fhásaigh. Tá trí speiceas camall beo ann. Cuimsíonn an dromadaire (a bhfuil dronn amháin air) 94% de na camaill ar domhan, agus cuimsíonn an camall Baictriach (a bhfuil dhá dhronn air) 6%. Is speiceas ar leith é an camall Baictriach fiáin atá go mór i mbaol anois.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCamall
Camelus Cuir in eagar ar Wikidata

camall Baictriach Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead
Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
AicmeMammalia
OrdArtiodactyla
FineCamelidae
GéineasCamelus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1758
Cineál tacsanomaíochCamelus bactrianus Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata
Pictiúr Ainm coitianta Ainm tacsanomaíochta Dáileadh
Camall Baictriach Camelus bactrianus Ceansaithe; Lár na hÁise, réigiún stairiúil na Baictria san áireamh.
Dromadaire / Camall Arabach Camelus dromedarius Ceansaithe; an Meánoirthear, an Sahára, agus an Áise Theas; tugtha isteach go dtí an Astráil
Camall Baictriach fiáin Camelus ferus Ceantair iargúlta in iarthuaisceart na Síne agus sa Mhongóil
  1. Herper. “camel”. Online Etymology Dictionary. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 27 September 2013. Dáta rochtana: 28 November 2012.