Beverly Pepper
B'ealaíontóir Meiriceánach í Beverly Pepper (née Stoll, 20 Samhain 1922 — 5 Feabhra 2020). Bhain sí clú agus cáil amach as a cuid saothar ollmhór, iad curtha in oiriúint do na suíomhanna ina dtógtar iad, agus as a cuid ealaíne talúnta. Ní minic a chloíodh sí le gluaiseachtaí ealaíne faoi leith. Bhí sí pósta le Curtis Bill Pepper, scríbhneoir, ar feadh 65 bliana, agus bhí sí ina cónaí san Iodáil ó na 1950idí, in Todi an chuid ba mhó den tréimhse sin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Nollaig 1922 Brooklyn, New York |
Bás | 5 Feabhra 2020 97 bliana d'aois Todi, An Iodáil |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúd Pratt Coláiste Brooklyn |
Áit chónaithe | Todi |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | An Fhrainc An Iodáil |
Gairm | péintéir, ealaíontóir talún, dealbhóir, ealaíontóir |
Teangacha | An Iodáilis agus Béarla |
Ghlac sé/sí páirt i | |
Jewelry by Contemporary Painters and Sculptors (en) | |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Curtis Bill Pepper |
Páiste | Jorie Graham, John R. Pepper |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | beverlypepper.net |
Rugadh í mar Beverly Stoll do thuismitheoirí Giúdacha i mBrooklyn, Nua-Eabhrac. Rinne sí staidéar ar an ealaíon in Institiúid Pratt i gCathair Nua-Eabhrac. Chleacht sí an phéintéireacht ag an tús ach tar éis turas a dhéanamh ar Angkor Watt sa Chambóid, chuaigh dealbha an tsuímh sin chomh mór sin uirthi gur chuaigh sí leis an dealbhóireacht.
Gailearaí
cuir in eagar-
Departure: For My Grandmother, cuimhneachán le Stoll, Europos Parkas, Liotuáin
-
Dealbh le Pepper ag Château de Vullierens, sa Fhrainc
Tagairtí
cuir in eagarNaisc sheachtracha
cuir in eagarIs síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |