[go: up one dir, main page]

I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhandia í Ana (Sean-Ghaeilge Anu, gin. Anann). B'fhéidir gur bhandia í as a thoil féin,[1] nó ainm eile don bhandia Dana. I Leabhar Gabhála na hÉireann, tugtar “Anand” mar ainm eile don bhandia Mór-Ríoghain.[2] Óir go gcomhceanglaítear go minic a hainm le bandéithe eile, níl sé i gcónaí soiléir cé acu as comhthéacs atá i gceist.[1]

Dá Chích Anann, an chíoch thiar feicthe ón gcíoch thoir

In áiteanna sa Breatain, tá pearsa ann a luaitear mar “Gentle Annie”, ag iarraidh gan í a mhaslú. Déantar a mhacasamháil nuair a luaitear na sidhe mar “Na Daoine Maithe”.[3]

Sanasaíocht

cuir in eagar

D' fhéadfadh é go bhfuil an t-ainm Ana fréamhaithe ón ainm dé Prótai-Cheiltis *Φanon-.[4][5]

Dá Chích Anann

cuir in eagar

Tá gaol ar leith ag Ana le Mumhain. Deirtear go bhfuil an dá chnoc aitheanta mar Dá Chích Anann,[6][7] i gContae Chiarraí ainmnithe aisti.[2]

Tá fianaise ann gurb ionann Ana agus Dana nuair a insítear i Sanas Cormaic: “Ana .i. máthair na ndéithe Gaelacha. Go maith do chothaigh sí na déithe.”[8][9]

  • []James MacKillop|MacKillop, James]]. Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press, 1998: ISBN 0-19-280120-1.
  • Wood, Juliette, The Celts: Life, Myth, and Art, Thorsons Publishers (2002): ISBN 0-00-764059-5
  1. 1.0 1.1 MacKillop, James (1998) Dictionary of Celtic Mythology Oxford: Oxford University Press ISBN 0-19-280120-1 ll. 10, 16, 128
  2. 2.0 2.1 R. A. Stewart Macalister. Lebor Gabála Érenn. Part IV. Irish Texts Society, Baile Átha Cliath, 1941. §VII, Chéad Athleagan.
  3. Black Annis, Gentle Annie
  4. Foclóir Proto-Celtic—English Curtha i gcartlann 2006-01-14 ar an Wayback Machine agus Foclóir English—Proto-Celtic Curtha i gcartlann 2011-05-14 ar an Wayback Machine, University of Wales, Centre for Advanced Welsh and Celtic Studies. Féach freisin an leathnach Curtha i gcartlann 2007-03-10 ar an Wayback Machine seo le haghaidh tosca agus séanta.
  5. Bunachar University of Leiden, via archive.org.
  6. An Dá Chích ar logainm.ie; ag 52° 00′ 55″ N, 9° 16′ 09″ O / 52.01528°N,9.26917°W / 52.01528; -9.26917, gar do Chill Airne
  7. "The Paps of Anu - Prehistoric and Early Ireland". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-12. Dáta rochtana: 2019-05-08.
  8. Dragon-Slayers and Healers PDF ar academia.edu
  9. Koch, John T. Celtic Culture: A Historical Encyclopedia. ABC-CLIO, 2006, ll. 1693-1695