Robert Adam
Cuma
Ailtire a rugadh i gCair Chaladain na hAlban ab ea Robert Adam (3 Iúil 1728 – 3 Márta 1792). D'éirigh leis féin is a dheartháir James Adam (1730-1794), ailtire eile, an faisean Pallaidiach a bhí i réim san ailtireacht a chlaochlú go suntasach trí athruithe grástúla rómánsacha ar bhunchruthanna éagsúla clasaiceacha a thabhairt isteach. Dhear siad troscán is córacha a bheadh oiriúnaithe do na tithe a phleanáil is a dheisigh siad.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert Adam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 9.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |