[go: up one dir, main page]

Jump to content

Loscadh Teach an Chustaim, 1921

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh Teach an Chustaim, 1921
Íomhá
Map
 53° 20′ 55″ N, 6° 15′ 11″ O / 53.3485°N,6.2531°W / 53.3485; -6.2531
Cineálcoinbhleacht Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na Saoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Bealtaine 1921 Cuir in eagar ar Wikidata


Tharla Loisceadh Teach an Chustaim ar an 25 Bealtaine 1921 i rith Chogadh na Saoirse. Dódh an foirgneamh go talamh. Mar shuíochán rialtais áitiúil na Breataine in Éirinn, ba thargaid shiombalach é Teach an Chustaim. Tharraing ionsaí an IRA ar Theach an Chustaim poiblíocht ar fud an domhain. Ach ba dhaor a d’íoc siad as.[1]

Ar chomhairle Éamon de Valera a rinneadh an t-ionsaí. Bhí tréimhse caite ag Dev i Meiriceá ag cur cúis na Poblachta chun cinn. D’éirigh go maith leis thall ach níorbh fhada a bhí sé ar ais sa mbaile in Éirinn nuair a thosaigh sé ag rá go n-éireodh níb fhearr leis murach an modh treallchogaíochta a bhí ag na hÓglaigh. Bhí easpa lón cogaidh orthu agus ba rímhaith a thuig siad go dteastódh slua mór trodaithe le cath oscailte a chur ar arm chomh cumhachtach le harm na Breataine. Ba é an rud ba chríonna, dá bhrí sin, fórsaí an namhad a ionsaí san áit ba laige a bheidís, sléacht a dhéanamh orthu an lá sin agus éalú as an mbealach ar an bpointe boise. Seo é a rinneadh i gCill Mhichíl agus i gCrois an Bharraigh.[2]

Níor aontaigh Dev leis an gcur chuige sin. Dhearbhaigh sé nach dea-cháil a bhí ag teacht i Meiriceá as a bheith ag marú corrbhall den RIC anois agus arís. Go deimhin bhí daoine i Meiriceá ag tabhairt dúnmharfóirí ar na hÓglaigh dá bharr, a dúirt sé. Mheas sé gurbh fhearr i bhfad ó thaobh na poiblíochta de cúpla cath mór feiceálach a chur ar na Sasanaigh — cathanna a mbeadh 500 fear ar an dá thaobh. Glacadh go drogallach le moladh Dev agus roghnaíodh Teach an Chustaim leis an moladh a chur i ngníomh.

Is teannach leis an staraí Tim Pat Coogan a dhéanamh amach go raibh baint ag moladh Dev leis an teannas a bhí cheana féin idir Dev agus Micheál Ó Coileáin. Faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin a bhí Óglaigh Bhaile Átha Cliath.[2]

Ar an 25 Bealtaine 1921, shealbhaigh na hÓglaigh Teach an Chustaim i mBaile Átha Cliath agus chuir siad an foirgneamh ar fad trí thine. 250 a bhí páirteach san ionsaí.[3]

Nuair a bhí na hÓglaigh ag bailiú taobh amuigh de Theach an Chustaim deirtear gur tháinig Micheál Ó Coileáin an bealach ar rothar, scéal aisteach más fíor.[2]

Rinne páirtí an IRA ó Bhaile Átha Cliath de níos mó ná 100 fear an dó agus OC (Oifigeach i gCeannas) Bhriogáid Átha Cliath, Oscar Traynor, ag déanamh maoirseachta air. Bhí sé dodhéanta an foirgneamh a chur trí thine agus é a aslonnú sular tháinig na fórsaí Briotanacha ar an láthair. Fuair cúigear óglach an IRA bás, gortaíodh triúr agus bhí na dosaenacha acu i measc caoga duine is céad faoi amhras a gabhadh ag Fórsaí na Corónach.[4]

Mhair an tine cúig lá. Ba mhór an chaill é scrios an fhoirgnimh; scriosadh an taobh istigh den fhoirgneamh agus taifid rialtais a chuaigh siar cúpla céad bliain.[5]

Lagaíodh go tromchúiseach an ASU (Aonad Fiannais) agus 2ú Cathlán Bhaile Átha Cliath mar thoradh air sin agus tháinig na gníomhaithe a bhí fágtha le chéile chun Garda Bhaile Átha Cliath a chruthú.

Is é an cuspóir a bhí leis an ngníomh siombalach seo ná a thaispeáint don Rialtas go gcaithfidís a ngreim a scaoileadh d'Éirinn. Is é an rud a thaispeáin siad, i ndáiríre, ná nach raibh na hÓglaigh ábalta na Sasanaigh a chur i sáinn gan dul i dtuilleamaí na treallchogaíochta. Sin ráite, fógraíodh sos cogaidh idir an IRA agus fórsaí na Corónach ar an 8 Iúil 1921,[6] a tháinig i bhfeidhm ag meán-lae ar an 11 Iúil 1921.

I ndiaidh an ionsaithe seo cuireadh Óglaigh Bhaile Átha Cliath faoi cheannas an Aire Cosanta Cathal Brugha. Ar ndóigh bhí an-tionchar ag Dev ar Chathal Brugha.[2]

Mhair creatlach an fhoirgnimh agus rinne Oifig na nOibreacha Poiblí é a athbhunú déanach sna 1920idí.[5] Cuireadh obair athchóiriúcháin i gcrích faoi 1928 (agus arís sna 1980idí).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. An Phoblacht (2021-07-30). "Centenary of the Burning of the Custom House". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-30. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Seosamh Ó Cuaig (25 Bealtaine 2021). "Cothrom an lae inniu céad bliain ó shin a ionsaíodh Teach an Chustaim" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  3. Des White (2020-07-01). "Fire Places: Part 4 - Where Burning Plans Were Made" (en). The Clock Is Still Going. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  4. UCC (2015). "Acmhainní do Scoileanna / AONAD 7: Leabhar Tionscadail na hIdirbhliana: COGADH NA SAOIRSE 1919-21". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-08-17. Dáta rochtana: 2024.
  5. 5.0 5.1 Tithe an Oireachtais (2023-06-23). "Sa chás taispeántais" (ga-IE). www.oireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-04-04. Dáta rochtana: 2024-05-25.
  6. Padraig Og O. Ruairc (2016-01-22). "Truce: Murder, Myth and the Last Days of the Irish War of Independence" (as English). Cork, Ireland: The Mercier Press Ltd.