Fiseolaí a rugadh i Ryazan na Rúise ab ea Ivan Petrovich Pavlov (1849-1936). Rinne sé taighde suntasach ar phróiseas an díleáite i madraí, rialú néarógach an tseilithe, agus ról na n-einsímí. Léirigh sé an t-oiriúnú in ainmhithe a dtugtar oiriúnú Pavlóvach air ó shin. Tionchar mór ag a shaothar ar fhorbairt an iomprachais sa tsíceolaíocht. Bronnadh Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis air i 1904 as an saothar seo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.