[go: up one dir, main page]

Jump to content

Fearghas mac Ceallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Forggus mac Cellaig)
Infotaula de personaFearghas mac Ceallaigh
Beathaisnéis
Bás756
Teaghlach
PáisteColla mac Fearghasa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCeallach mac Raghallaigh
SiblínDomhnall mac Ceallaigh

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Fearghas mac Ceallaigh (Sean-Ghaeilge ForggusFergus mac Cellaig) (bás 756). Ceallach mac Raghallaigh (bás 705) na ea a athair, agus Domhnall (bás 728) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1][2] Síol Cheallaigh as Loch Cime, ainmnithe as a athair, ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 742 go dtí 756.

Tharla eachtraí le linn a réimis a chuidigh le laghdú i gcumhacht ghéaga eile na gConnacht. Sa bhliain 743, tharla cath idir Uí Fhiachrach Aidhne agus a n-iar-comhghuaillithe Uí Mhaine.[3][4][5][6] Sa bhliain chéanna, tharla cath idir Uí Ailealla agus na Gailenga i gCath Mag Luirg (Magh Loirg).[7][8][9][10]

B'éigean d'Fhearghas a údarás a chuir i gcion, ach sa bhliain, i gcomhaontas leis na Conmhaicne, Cliath é ag fir Uí Bhriúin.[11][12] An bhliain chéanna, bhuaigh sé in éadan Uí Bhriúin Seola i ndeisceart na gConnacht.[13][14][15] Sa bhliain 752, chloígh Uí Bhriúin Calraige Luirg, aitheachthuath b'fhéidir Uí Ailealla.[16][17][18] Sa bhliain 753, cloíodh Uí Ailealla ag na Grecraige.[19][20][21]

Thug Chineál Chairbre, chlann Uí Néill, aghaidh ar fhorbairt ó thuaidh Uí Bhriúin. Sa bhliain 754, tharla Cath Ard Noíscan (Ard Naoscan) i gcríocha Uí Ailealla idir Uí Bhriúin agus Cineál Chairbre.[22][23][24] Sa bhliain 756, chloígh Fearghas go dona iad i gCath Mhóna Móire (Móin Mór, Contae an Longfoirt).[25][26][27]

Dheimhnigh Forggus tacaíocht Chluain Mhic Nóis nuair a chuir sé i bhfeidhm Cáin Naomh Chiaráin agus Cáin Naomh Bhreandáin de Chluain Fearta sa bhliain 744.[28][29]

Rinneadh rí Chonnacht fosta dá mhac, Colla (bás 796). Maraíodh triúr dá mhic, Catharnach, Cathmug agus Artbran i gCath Druim Robaig (Dromrovay, deisceart Mhaigh Eo) ag fir Uí Fhiachrach sa bhliain 758.[30][31][32][33][34][35]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Mac Niocaill, Gearóid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • Ó Cróinín, Dáibhí (2005), A New History of Ireland, imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
  • Ó Corráin, Donnchad (1972), Ireland Before the Normans, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Byrne, Tábla 20
  2. Mac Niocaill, lch. 157
  3. Annála Uladh, AU 743.5
  4. Annála Tiarnaigh, AT 743.10
  5. Byrne, lch. 250
  6. Mac Niocaill, lch. 133
  7. AU 743.6
  8. AT 743.5
  9. Byrne, lch. 249
  10. Mac Niocaill, lch. 233
  11. AU 746.4
  12. Mac Niocaill, lch. 133
  13. AU 746.5
  14. AT 746.4
  15. Mac Niocaill, lch.133
  16. AU 752.15
  17. Byrne, lch. 249
  18. Mac Niocaill, lch. 133
  19. AU 753.10
  20. AT 753.9
  21. Byrne, lch. 249
  22. AU 754.7
  23. AT 754.7
  24. Byrne, lch. 249
  25. AU 756.5
  26. AT 756.7
  27. Mac Niocaill, lch. 135. Feictear an eachtra seo sna hannála tar éis a bháis, ach deir Mac Niocaill gurbh é Fearghas an buaiteoir
  28. AU 744.9
  29. Byrne, lch. 252
  30. Byrne, lch. 249
  31. Mac Niocaill, lch. 135
  32. Ó Cróinín, lch. 233
  33. AU 758.4
  34. AT 758.4, ina nglaoitear garmhic Cheallaigh orthu
  35. Annála na gCeithre Máistrí