[go: up one dir, main page]

Jump to content

Bocaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí BiaBocaire
Bunús
Tír dhúchaisStáit Aontaithe Mheiriceá
Sonraí
Cineálarán gasta
Príomh-chomhábhairplúr
Bocairí i dtráidire

Is bairín beag arán é bocairemuifín. Bíonn cuma orthu ar nós cístí beaga ach ní bhíonn siad chomh milis is a bhíonn cístí nó borróga. Ní bhíonn clúdach siúcrauachtar ar mhullach na mbocairí de ghnáth. Fuineadh sa Bhreatain Bheag ar dtús iad san aonú aois déag.

Bíonn comhábhair faoi leith i mbocairí de ghnáth chun blas áirithe a thabhairt dó. I measc na hábhair a mheasctar iontu, bíonn fraocháin ghorma, cnapóga seacláide, caramal, sútha talún, cainéal, puimcín, cnónna, banana, oráistí, cuiríní, péitseoga, sútha craobha, almóinní, leamhachán agus meacain dhearga. Itear bocairí mar scroid ar maidin ach is féidir iad a ithe am ar bith i rith an lae mar scroid mhilis.