An Eoraip a Mhúnlú
Scéal na dtoghchán Eorpach
Scéal na dtoghchán Eorpach
Gach cúig bliana, bíonn deis ag saoránaigh an Aontais sna 27 mBallstát vóta a chaitheamh don chéad Pharlaimint Eorpach eile. Féadfaidh siad na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a roghnú a chuirfidh a dtuairimí chun tosaigh agus a chosnóidh a leasanna ar an leibhéal Eorpach. Tiocfaidh na Feisirí le chéile ansin i bhfóram a bhfuil cumhacht ag baint leis anois ó thaobh na díospóireachta polaitíochta de agus a bhfuil cumhachtaí reachtacha, buiséadacha agus maoirseachta aige.
Bhí na chéad toghcháin Eorpacha ar siúl i Meitheamh 1979, tráth nach raibh ach naoi mBallstát ag an gComhphobal Eorpach. Toghadh Parlaimint na hEorpa, le 410 Feisire, ar feadh téarma cúig bliana. Ba í an Pharlaimint sin an chéad tionól idirnáisiúnta a toghadh go díreach trí vótáil chomhchoiteann. Ba chéim chinniúnach an méid sin i dtreo an daonlathais Eorpaigh, ag deireadh próisis fhada chun guth daonlathach a thabhairt do shaoránaigh ar an leibhéal Eorpach.